Bíonn Mol Chorca Dhuibhne ina láthair oibre ag comhlachtaí teicneolaíochta, scríbhneoirí, ealaíontóirí, innealtóirí, lucht déanta scannán, agus eagraithe pobail. Tá a gcuid spás oifige féin ag roinnt acu, fad is a bhíonn roinnt eile acu ag obair ónár n-ionad comhroinnte deasc sealaíochta. Tá súil againn go spreagfaimid smaointí agus tionscadail nua trí dhaoine neamhspléacha, cruthaitheacha a thabhairt le chéile.