Search
Close this search box.
Corca Dhuibhne Tourism & Hospitality SEC

Corca Dhuibhne Tourism and Hospitality launched a new Tourism and Hospitality sector Sustainable Environmental Community (SEC) at Ionad an Bhlascaoid on Thursday 9th March 2023. 

Dingle Hub is leading on this project, partnering with Fáilte Ireland, Kerry County Council, Údarás na Gaeltachta and Dingle Peninsula Tourism Alliance. This is the first dedicated Tourism and Hospitality SEC in Ireland and we are delighted it is taking place on the Dingle Peninsula. Its aim is to promote energy efficiency, use renewable energy and develop de-centralised energy supplies. Detailed energy surveys will be carried out and energy use monitored over the 2023 summer season.  

Tourism and Hospitality businesses are invited to join this new SEC with the attractive aims of lowering their energy bills through collective buying power and participating in future plans for solar panels and anaerobic digestion.  Tourism & Hospitality is the key economic driver on the Dingle Peninsula, and we are encouraging businesses to start thinking about a cleaner future for the industry as well as sustainable employment.  

This project will come under the umbrella of the SEAI Sustainable Energy Communities and Fáilte Ireland will engage the expertise to develop the energy master plan. Any business on the peninsula who would like to become involved can register here https://forms.office.com/e/TFRjN8nb8S.

_____________________________________

Beidh Pobal Fuinnimh Inbhuanaithe (PFI) nua, a bheidh dírithe ar an earnáil Turasóireachta agus Fáilteachais, á sheoladh ag Turasóireacht agus Fáilteachas Chorca Dhuibhne ag Ionad an Bhlascaoid Mhóir ar Dhéardaoin 9ú lá Márta. Tá Dingle Hub ag glacadh ról ceannais sa thionscadal seo, i bpairtnéireacht le Fáilte Ireland, Comhairle Contae Chiarraí, Údarás na Gaeltachta agus Comhaontas Turasóireachta Chorca Dhuibhne. Is é seo an chéad PFI tiomnaithe do Thurasóireacht agus Fáilteachas atá le bunú in Éirinn agus tá ríméad orainn gur anseo i gCorca Dhuibhne atá sé lonnaithe. Is é an chuspóir a bheidh aige ná éifeachtacht fuinnimh a chur chun cinn, fuinneamh inathnuaite a úsáid, agus forbairt a dhéanamh ar sholáthairtí dílárnaithe fuinnimh. Déanfar suirbhéanna fuinnimh agus monatóireacht ar úsáid fuinnimh thar shéasúr turasóireachta an tsamhraidh i mbliana.

Tugtar cuireadh do ghnólachtaí Turasóireachta agus Fáilteachais a bheith páirteach sa PFI nua seo, leis na spriocanna tarraingteacha de bhillí fuinnimh a ísliú trí chumhacht cheannaigh agus pleananna chun painéil ghréine agus díleá anaeróbach a chur i bhfeidhm amach anseo. Is é an earnáil Turasóireachta agus Fáilteachais is mó a thiománann geilleagar Chorca Duibhne, agus táimid ag spreagadh gnólachtaí chun tosnú ag smaoineamh faoi thodhchaí níos glaine agus fostaíocht inbhuanaithe don tionscal.

Titfidh an PFI Turasóireachta agus Fáilteachais nua faoi Scáthghrúpa na bPobal Fuinnimh Inbhuanaithe de chuid Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann (ÚFIÉ), agus cinnteoidh Fáilte Ireland go gcuirfear an saineolas is gá ar fáil chun máistirphlean fuinnimh a fhorbairt.

Is féidir Clarú anseo https://forms.office.com/e/TFRjN8nb8S