Search
Close this search box.
Riarthóir Airgeadais/Financial Administrator Wanted
Dingle Hub building in sunlight

Financial Administrator wanted at Dingle Hub. See details below and apply by January 10th 2023 if interested.

Teideal an Phoist:  Riarthóir Airgeadais

Conradh: 12 mí, (le féidearthacht ann go sínfear tréimhse an phoist, ag brath ar mhaoiniú).

Réimse an Tuarastail: €28,000 – €30,000 ag brath ar thaithí

Saoire Bhliantúil: 24 lá sa bhliain

Dáta Dúnta: 10ú Eanáir Tuairiscíonn le: Bainisteoir Airgeadais

An Ról: Táimid ag lorg riarthóir airgeadais le taithí mhaith, le bheith ag obair ar roinnt tionscadail éagsúla de chuid Dingle Hub agus chun tacaíocht riaracháin a chur ar fáil don mBainisteoir Airgeadais. 

Misean Dingle Hub

Misean Dingle Hub ná pobal atá cruthaitheach, inbhuanaithe agus ionchuimsitheach a thógáil, ag tacú le héiceachóras éagsúil bríomhar de pháirtithe leasmhara chun éascú a dhéanamh ar chruthú agus cothabháil postanna ar phá maith a bheidh ann ó cheann ceann na bliana ar Chorca Dhuibhne. Tá forbairt déanta againn ar mhúnla nuálaíoch de Nuálaíocht agus Aistriú Pobail bunaithe ar cheithre árdán straitéiseach. 

  • Ardán 1: Soláthraíonn Dingle Hub spás oibre agus áiseanna comhroinnte do dhaoine aonair agus do chomhlachtaí. Faoi láthair, bíonn 27 comh-oibrí ag baint úsáid as an spás ar bhonn rialta, móide 189 úsáideoirí eadrannacha, is tá pleananna ann chun síneadh a chur leis an láthair chun freastal ar bhreis éilimh.
  • Ardán 2: Déanaimid éascú ar thionscadail a thógann na háiseanna/acmhainní gur ghá a bheith ann chun go mbeidh sé indéanta fostaíocht nua a chruthú faoi cheithre phríomhthéama: Inmharthanacht agus an Clár Oibre Glas, Claochlú Digiteach, na Tionscail Chruthaitheacha, agus Fís agus Straitéis Phobalbhunaithe. 
  • Ardán 3: Chun tógáil ar an éicea-chóras atá ag teacht chun cinn, úsáidimid na tionscadail chun tionchar a chur i bhfeidhm agus chun éileamh a chruinníu chun an íosmhéid éilimh a bhaint amach chun comhlachtaí nua áitiúla a bhunú agus a scálú.
  • Ardán 4: Chun an pobal obair-ó-bhaile agus foghlaim-ó-bhaile a chothú, a chur chun cinn agus a thabhairt le chéile. Tá breis agus 150 duine nasctha le pobal ár mhoil, le lucht déanta scannán, beochana, fuinnimh inathnuaite, digitithe, anuas ar líonraí comhoibríocha cruthaitheacha agus gnó mar a mbíonn baill ag tacú lena chéile chun deiseanna eacnamaíocha a thapú a rachaidh chun leasa an dá pháirtí. 

Freagrachtaí

  • Taifid chuntasaíochta a choimeád ar phacáiste cuntasaíochta Dingle Hub – Surf Accounts.
  • Bheith ag obair lenár bhfoireann agus ár bpairtnéirí chun taifeadadh a dhéanamh ar cheadú íocaíochta, chun sonraisc ceannaithe a phróiseáil, agus chun íocaíochtaí a dhéanamh de réir na bpróiseas ‘soláthar-go-híoc’ de chuid Dingle Hub.
  • Tacaíocht a chur ar fáil timpeall ar chúrsaí soláthair de réir mar a iarrtar. 
  • Íocaíochtaí rialta a dhéanamh gach coicís agus íocaíochtaí ad hoc a dhéanamh de réir mar is gá.
  • Sonraisc/nótaí creidmheasa a chruthú, admhálacha íocaíochta a chur sa phost agus súil a choimeád ar thuairiscí de shean-fhiacha nár ghlanadh.  
  • Uasdátú a dhéanamh ar réiteach bainc gach coicís.
  • Bheith i bhfeighil an párolla agus próiseáil íocaíochtaí.
  • Cumarsáid a dhéanamh le seirbhísí comhairliúcháin airgeadais agus bainistíocht Dingle Hub chun próisis agus nósanna imeachta airgeadais a fhorbairt, a uasdátú agus a chur i bhfeidhm.
  • Próiseáil a dhéanamh ar aisíocaíochtaí CBL i gcomhairle le seirbhísí comhairliúcháin airgeadais.
  • Cabhrú chun na cuntaisí bainistíochta míosúla a ullmhú le hiniúchadh ag an bhfoireann bainistíochta.
  • Uasdátú a dhéanamh ar réitigh chláir chomhardaithe mar chuid de na cuntaisí bainistíochta míosúla.
  • Éilimh a ullmhú do thionscadail ar leith trasna réimse de chórais mhaoinithe.
  • Pleananna iniúchta a bhainistiú thar réimse de thionscadail.

Feidhm an phoist agus Tionscadail ar Leith: 

  • Tionscadal ‘Ploutos’ de chuid an AE – Tionscadal le 36 feirmeoir páirteach ann ag fiosrú faoi conas is féidir le teicneolaíocht tacaíocht agus spreagadh a thabhairt do ghnólachtaí inbhuanaithe le slabhraí soláthair gearra. 
  • Tionscadal ‘Discover’ de chuid FEÉ – Fuarthas tacaíocht ‘Discover’ ó Fhondúireacht Eolaíochta Éireann (FEÉ) i gcomhair tionscadal dhá-bhliana chun tuilleadh gníomhaíochta aeráide a ghríosadh is a chumasú trí chumarsáid nuálaíoch leis an bpobal agus modhanna comh-chruthaithe. 
  • Tionscadal  Gníomhaíochta Cruthaithí Aeráide – Tionscadal ag obair le 10 bhfeirm áitiúil chun féachaint ar bhealach cruthaitheach ar shlite go bhféadfadh feirmeoirí ar an leithinis éagsúlú a dhéanamh chun dul i ngleic leis an athrú aeráide. 
  • Pobail Fuinnimh Inbhuanaithe (PFI) d’Earnálacha éagsúla – Cabhraíonn Dingle Hub le PFI Fheirmeoirí Déiríochta Chorca Dhuibhne de réir mar is gá agus tacóidh sé leis an PFI nuabhunaithe d’earnáil na Turasóireachta agus an Fháilteachais.
  • Tionscadal Ceannródaíoch Iompair Shoghluaisteachta – Tá maoiniú á lorg ar mhaithe Bainisteoir Tionscadail a chumasú chun cumarsáid a dhéanamh leis an bpobal áitiúil le réitigh áitiúil, inbhuanaithe iompair a chur ar fáil. 
  • Díleá Anaeróbach – Tá staidéar féidearthachta tugtha chun críche timpeall ar an DA i gCorca Dhuibhne, agus táthar anois ag lorg bealaí chun bogadh ar aghaidh go céim forbartha an tionscadail seo. 
  • Tionscadail Nua – Leanfaimid ar aghaidh ag tiomáint, ag cumasú, agus ag tacú le forbairt tionscadal nua, mar shampla, scéim áitiúil EIP, ullmhú an mhargaidh d’iarfheistiú tithe, srl.

D’fhéadfadh go mbeidh freagrachtaí ad hoc oiriúnach don bpost á ndáileadh ag an mBainisteoir ar an Riarthóir Airgeadais ó am go ham.

Cáilíochtaí:

Ní mór don iarrthóir buacach a bheith:

  • Fíor-eagraithe, solúbtha agus seiftiúil.
  • Go maith le daoine, le cur chuige dearfach agus réamhghníomhach.
  • In ann oibriú go maith mar chuid d’fhoireann, ach a bheith féin-spreagtha agus ábalta oibriú go neamhspleách chomh maith céanna.
  • In ann dílseacht, iontaofacht, freagracht, féin-fheasacht, eitic oibre agus comhbhá a léiriú.

  Ní mór don iarrthóir buacach ná cáilíochtaí/mianaigh a leanas a bheith aici/aige: 

  • Cáilíocht i réimse ábhartha, m.sh. cuntasaíocht airgeadais agus/nó taithí dheimhin acu i ról riaracháin airgeadais.
  • Ard-scileanna scríofa agus cumarsáid labhartha.
  • Súil ghéar ar leith ar mhionsonraí.
  • Taithí mhaith ag úsáid Microsoft Word, PowerPoint, agus Excel.
  • Meas agus tuiscint ar chultúr is saol tuaithe na hÉireann, le cumas éigin Gaeilge más féidir. 

      Ba bhuntáiste iad seo a leanas:

  • Cumas labhartha Gaeilge.
  • Taithí de bheith ag obair mar chuid d’fhoirne ildisciplíneacha.

Is fostóir comhdheise é Dingle Hub agus ní dhéanann sé leatrom ar aon duine ar bhunús inscne, aoise, cine, datha, náisiúntachta, eitneachta, creidimh reiligiúnda, stádas pósta, stádas clainne, claonadh gnéis, míchumais ná bheith ina dhuine den lucht siúil.

Ionad

Beidh an post lonnaithe ag Dingle Hub, Páirc Ghnó an Chúilín, An Daingean, Co. Chiarraí. Ba cheart go mbeidh meascán  idir obair ón oifig agus obair ó bhaile indéanta. 

Próiseas Iarratais

Cuir chughainn do CV anseo agus litir chlúdaigh ag cur síos ar do spéis in, agus oiriúnacht don, bpost seo ar www.dinglehub.com

Is é an dáta dúnta d’iarratais ná 10 Eanáir 2023.

Job Title:  Financial Administrator

Contract: 12 months, (with potential for extension depending on project funding)       

Salary range: €28,000 – €30,000 depending on experience

Annual Leave: 24 days per annum

Closing Date: January 10th Reports to: Finance Manager

The Role; We are looking for an experienced financial administrator to work across multiple Dingle Hub projects and provide administration support to the Finance Manager.

Dingle Hub Mission 

The mission of the Dingle Hub is to build a creative, livable, sustainable and inclusive community, fostering a vibrant and diverse ecosystem of stakeholders to facilitate the creation and maintenance of well-paid, year-round incomes on the Dingle Peninsula. We have developed an innovative model of Rural Community Innovation and Transition anchored in four strategic platforms.

  • Platform 1: Dingle Hub provides general office space and facilities for individuals and companies. Currently, up to 40 co-workers regularly use the space along with 190+ intermittent users and there are plans for further expansion to accommodate demand.
  • Platform 2: We facilitate projects that build the antecedents for new employment under three thematic pillars: Sustainability and the Green Agenda, Digital Transformation and the Creative Industries.
  • Platform 3: To build on the emerging ecosystem, we leverage the projects to aggregate critical base demand enabling the establishment and scaling of new local companies.
  • Platform 4: To promote, nurture and convene the work-from-home and learn-from-home community, there are over 150 people connected into our hub community which includes film, animation, sustainable energy, digitisation, creative and business collaboration networks where members support each other and identify and pursue mutually beneficial economic opportunities.

Responsibilities

  • Maintain accounting records on Dingle Hub accounting software package – Surf Accounts.
  • Work with the team and partners to record approvals, process purchase invoices and  complete payments as per the Dingle Hub procure-to-pay processes.
  • Provide procurement support  as requested
  • Complete biweekly payment run or adhoc pay-run as required.
  • Create sales invoices/credit notes, post payment receipts and review aged debt reports.
  • Update the bank reconciliation biweekly.
  • Run the monthly payroll and process payments
  • Liaise with financial advisory services and Dingle Hub management to develop, implement and update financial processes and procedures. 
  • Process VAT returns in consultation with financial advisory services
  • Assist in creation of the monthly management accounts for review by management
  • Update balance sheet reconciliations as part of monthly management accounts.
  • Prepare claims for specific projects across multiple funding mechanisms.
  • Manage audit plans across multiple projects.

Job purpose and Specific Projects: 

  • EU Ploutos Project A project involving 36 farmers to explore how technology can support and further encourage sustainable short supply chain businesses.
  • SFI Discover Project – support has been received from Science Foundation Ireland (SFI) Discover for a two-year project to drive and enable more community-led climate action, delivered through innovative community engagement and co-creation methods. 
  • Creative Climate Action Project – A project working with 10 local farms to creatively look at ways in which farmers on the peninsula can diversify to address climate change.
  • Sectoral Sustainable Energy Communities (SEC) – The Dingle Hub assists the West Kerry Dairy Farmer’s SEC where needed and will support the emerging Tourism and Hospitality sector SEC.
  • Sustainable Mobility Pilot Project – funding is being sought to enable a Project Manager to engage the local community to provide local, viable travel solutions.
  • Anaerobic Digestiona feasibility study for AD on the Dingle Peninsula has been completed and pathways are now being sought to move to the development phase for this project. 
  • New Projects – we will continue to drive, support and enable the development of new projects, for example, a local EIP scheme, home retrofit market priming etc

Ad hoc duties appropriate to the post may be assigned from time to time by a Manager.

Qualifications;

The successful applicant will need to be:

  • Highly organised, adaptable and resourceful
  • Outgoing with a positive and proactive approach
  • Ability to work well as part of a team but also to be self-motivated and capable of working independently 
  • Able to demonstrate integrity, dependability, responsibility, accountability, self-awareness, work ethic, and empathy

      The successful applicant will need to have: 

  • A qualification in a relevant discipline e.g. financial bookkeeping and/or have proven experience in a financial administration role
  • Proven written and verbal communication skills.
  • Strong attention to detail.
  • Extensive experience with Microsoft Word, PowerPoint, and Excel.
  • An understanding of rural Irish culture, ideally with some Irish language skills

      The following would be an advantage: 

  • The ability to speak Irish
  • Experience of working with multi-disciplinary teams 

Dingle Hub is an equal opportunity employer and does not discriminate against individuals on the basis of gender, age, race, colour, nationality, ethnic or national origin, religion, marital status, family status, sexual orientation, disability or membership of the travelling community.

Location

The position will be based in the Dingle Hub, Cuilín Business Park, Dingle, Co. Kerry. 

 A blended working approach between the Dingle Hub and home is possible.

Application Process

Submit your CV here with a cover letter outlining your interest in, and suitability for, the job. 

Closing date for applications is  10th January 2023